Apacailipsis (Taispeántadh) 9:2-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Agus d'oscail sé an poll duibheagáin agus d'éirigh as an bpoll deatach mar dheatach bhéilteach thine agus dhorchaigh an ghrian agus an spéir ó dheatach an phoill.

3. Ansin snigh lócaistí as an deatach ar an talamh agus tugadh dóibh cumhacht mar an gcumhacht atá ag scairpí na talún.

4. Dúradh leo gan dochar a dhéanamh d'fhéar na talún, ná d'aon fhás ná d'aon chrann, ach amháin do na daoine nach raibh séala Dé ar a n‑éadan.

5. Ná níor tugadh de chead dóibh iad a mharú, ach a bheith á bpianadh ar feadh chúig mhí, agus cealg a bpéine mar chealg scairpe nuair a chuireann sí i nduine í.

6. Sna laethanta úd beidh daoine ar lorg an bháis ach gan é a fháil, agus ag tnúth le bás a fháil, ach éalóidh an bás uathu.

7. Ba chuma iad na lócaistí, le féachaint orthu, le capaill feistithe chun catha; ar a gceann bhí coróin mar a bheadh d'ór, agus a gceannaithe mar a bheadh ceannaithe daoine;

8. bhí gruaig orthu mar ghruaig ban, agus fiacla acu mar fhiacla leon.

9. Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.

10. Tá eireaball orthu cosúil le scairp agus cealg ann; agus is san eireaball atá a gcumhacht chun bheith ag pianadh na ndaoine ar feadh chúig mhí.

11. Tá aingeal an duibheagáin acu mar rí orthu; tugtar Abadón mar ainm air san Eabhráis agus Apolúón [nó Scriostóir] sa Ghréigis.

12. Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós.

13. Ansin shéid an séú haingeal a thrumpa, agus chuala mé an glór ag teacht ó cheithre chorr na haltóra óir a bhí os comhair Dé,

14. agus é á rá leis an séú haingeal a raibh an trumpa aige: “Scaoil na ceithre haingil atá faoi chuibhreacha lámh le habhainn mhór an Eofrataes.”

15. Agus scaoileadh leis na ceithre haingil a bhí ar tinneall socair don uair agus don lá agus don mhí agus don bhliain, chun go maróidís trian an chine dhaonna.

16. Agus ba é líon na ndíormaí marcshlua - chuala mé a líon - dhá oiread deich míle de dheich míle fear.

17. Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m'fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n‑each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.

Apacailipsis (Taispeántadh) 9