Apacailipsis (Taispeántadh) 8:8-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige.

9. Rinneadh fuil de thrian den fharraige agus fuair trian de mhíola beo na farraige bás, agus scriosadh trian na long.

10. Shéid an tríú haingeal a thrumpa. Thit réalta mhór ó na flaithis, í ar lasadh mar a bheadh lóchrann; agus thit sí ar thrian na n‑aibhneacha agus ar na toibreacha fíoruisce.

Apacailipsis (Taispeántadh) 8