4. Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.
5. Cuireadh an séalaar dhá mhíle dhéag de threibh Iúdá,ar dhá mhíle dhéag de threibh Reúbaen,ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghád,
6. ar dhá mhíle dhéag de threibh Áiséar,ar dhá mhíle dhéag de threibh Naftáilím,ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaise,
7. ar dhá mhíle dhéag de threibh Shimeon,ar dhá mhíle dhéag de threibh Léiví,ar dhá mhíle dhéag de threibh Íosácár,
8. ar dhá mhíle dhéag de threibh Zabúlun,ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaef,ar dhá mhíle dhéag de threibh Bhiniáimin.
9. Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.