1. Agus chonaic mé go raibh, i ndeaslámh an té a bhí ina shuí sa ríchathaoir, scrolla ar a raibh scríbhneoireacht laistigh agus lasmuigh, agus é séalaithe le seacht séala;
2. agus chonaic mé aingeal tréan ag fógairt de ghlór ard: “Cé hé ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?”
3. Ach níor fhéad aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoin talamh an scrolla a oscailt, ná féachaint air.
4. Ghoil mé go fuíoch mar nach bhfuarthas aon duine arbh fhiú é an scrolla a oscailt ná féachaint air.
5. Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”