Apacailipsis (Taispeántadh) 3:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Sairdis: ‘Mar seo a deir an té ag a bhfuil seacht spiorad Dé agus na seacht réalta: Is eol dom d'oibreacha, go bhfuil tú in ainm a bheith beo, ach gur marbh thú.

2. Dúisigh agus neartaigh a bhfuil fágtha agus ar tí báis, óir ní bhfuair mé d'oibreacha foirfe os comhair mo Dhé.

3. Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.

Apacailipsis (Taispeántadh) 3