Apacailipsis (Taispeántadh) 21:21-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d'aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach.

22. Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici.

23. Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.

Apacailipsis (Taispeántadh) 21