15. Agus bhí slat tomhais óir ag an té a bhí ag caint liom, chun an chathair agus a geataí agus a múr a thomhas.
16. Tá an chathair arna leagan amach ina cearnóg, comhfhad comhleithead. Thomhais sé an chathair lena shlat; dhá mhíle dhéag staid; a fad, a leithead agus a hairde mar a chéile.
17. Agus thomhais sé a múr: céad agus ceithre bhanlámh is daichead de réir tomhas fir, mar a bhí ag an aingeal.
18. Agus ba de sheaspar a tógadh an múr, agus ba ór glan an chathair, geal mar ghloine.
19. Bhí gach sórt cloch lómhar mar mhaise ar chlocha boinn mhúr na cathrach. An chéad chloch bhoinn, seaspar; an dara ceann, saifír; an tríú ceann, agáit; an ceathrú ceann, smaragaid;
20. an cúigiú ceann, oinisc; an séú ceann, rúibín; an seachtú ceann, criosailít; an t‑ochtú ceann, beiril; an naoú ceann, tópas; an deichiú ceann, criosafrás; an t‑aonú ceann déag, iasaint; an dara ceann déag, aimitis.
21. Dhá phéarla dhéag an dá gheata dhéag, agus gach ceann de na geataí d'aon phéarla amháin. Ba ór glan mar ghloine ghlé sráid na cathrach.
22. Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici.
23. Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.
24. Siúlóidh na náisiúin timpeall ina solas, agus tabharfaidh ríthe an domhain a nglóir chuici.
25. Ní dhúnfar a geataí sa lá - agus oíche ní bheidh ansiúd.
26. Tabharfar glóir agus onóir na gciníocha isteach inti.
27. Ní rachaidh aon ní neamhghlan isteach inti go deo, ná aon duine a chleachtann truaillitheacht agus éitheach; ní rachaidh inti ach iad siúd a bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar beatha an Uain.