10. Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”
11. Ansin chonaic mé na flaithis ar oscailt agus b'shiúd each bán agus ag marcaíocht ar a mhuin an té ar a dtugtar Dílis agus Fírinneach, agus a dhéanann breithiúnas agus cogadh de réir an chirt.
12. Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol d'aon duine ach dó féin amháin.
13. Tá sé gléasta in éide a tumadh i bhfuil, agus is é ainm a ghoirtear air “Briathar Dé.”
14. Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.
15. Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.
16. Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”
17. Ansin chonaic mé an t‑aingeal ina sheasamh ar an ngrian, agus ghlaoigh sé in ard a ghutha agus dúirt sé leis na héin go léir ar eitilt i mbuaic neimhe: “Tagaigí agus cruinnigí chun fleá mhór Dé,
18. chun go n‑íosfaidh sibh feoil ríthe, agus feoil cheanafort, agus feoil na laochra, agus feoil na n‑each, agus feoil a marcach, agus feoil gach n‑aon idir shaoránach is dhaoránach, idir bheag agus mhór.”
19. Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san.