Apacailipsis (Taispeántadh) 19:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ina dhiaidh sin chuala mé mar a bheadh glór mathshlua mhóir sna flaithis á rá:“Alleluia! Is lenár nDia slánú agus glóir agus neart.

2. Óir is fíor iad a bhreitheanna agus is cóir.Thug sé breith ar an striapach mhóra thruailligh an domhan lena striapachas.Agus rinne sé fuil a sheirbhíseach a agairt uirthi.”

Apacailipsis (Taispeántadh) 19