Apacailipsis (Taispeántadh) 16:4-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Dhoirt an tríú haingeal a shoitheach ar na haibhneacha agus ar na toibreacha uisce agus rinneadh fuil díobh.

5. Agus chuala mé aingeal na n‑uiscí á rá: “Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa.

6. Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”

7. Agus chuala an altóir féin á rá: “Sea, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!”

Apacailipsis (Taispeántadh) 16