7. Bhí sé ag glaoch go hard á rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.”
8. Agus lean aingeal eile, an dara ceann, é á rá: “Thit an Bhablóin Mhór, thit sí siúd a thug ar na ciníocha uile fíon feirge a striapachais a ól.”
9. Lean aingeal eile iad, an tríú ceann, agus é ag glaoch go hard á rá: “Má shléachtann aon duine don bheithíoch agus dá dhealbh agus a chomhartha a ghabháil chuige ar a éadan nó ar a lámh,
10. ólfaidh seisean chomh maith cuid d'fhíon feirge Dé arna dhoirteadh gan chumasc i gcupán a chuthaigh; déanfar é a phianadh le tine agus le ruibh os comhair na n‑aingeal naofa agus an Uain.
11. Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.”
12. Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.
13. Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”
14. Ansin bhí fís agam agus b'shiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh.
15. Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, á rá: “Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.”