11. Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.”
12. Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.
13. Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”
14. Ansin bhí fís agam agus b'shiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh.
15. Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, á rá: “Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.”
16. Ansin d'imir an té a bhí ina shuí ar an néal a chorrán ar fhómhar an domhain agus baineadh fómhar an domhain.
17. Ansin tháinig aingeal eile amach ón teampall sna flaithis agus corrán géar aigesean chomh maith.
18. Agus an t‑aingeal a bhí i gceannas na tine, tháinig sé amach ón altóir agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar an té ag a raibh an corrán géar á rá: “Sáigh isteach do chorrán géar agus bailigh crobhaingí fíniúna an domhain, óir is abaí dá chaora go léir.”
19. Agus d'imir an t‑aingeal a chorrán ar an domhan, agus bhailigh sé fómhar fíniúna an domhain, agus theilg sé é i gcantaoir mhór feirge Dé.
20. Agus pasáileadh an chantaoir lasmuigh den chathair, agus sceith fuil as an gcantaoir go sriana na n‑each, agus sin míle sé chéad staid ó bhaile.