Apacailipsis (Taispeántadh) 14:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan.

2. Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.

3. Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol.

Apacailipsis (Taispeántadh) 14