3. Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.
4. Is iadsan an dá chrann ola, agus an dá lóchrann a sheasaíonn os comhair Tiarna an domhain.
5. Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.
6. Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.
7. Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.
8. Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire - ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;
9. agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;
10. agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”
11. Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.
12. Agus chuala siad guth tréan ó na flaithis á rá leo: “Tagaigí anseo aníos!” Agus chuaigh siad suas chun na bhflaitheas i néal agus a naimhde ag faire orthu.