9. Chuaigh mé chun an aingil á rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: “Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.”
10. Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile.
11. Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.”