5. Agus an t‑aingeal a chonaic mé ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh, d'ardaigh sé a lámh chun na bhflaitheas agus
6. mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,
7. ach sna laethanta a ghlaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comhlíonadh faoi mar a d'fhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.”
8. Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: “Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.”
9. Chuaigh mé chun an aingil á rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: “Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.”
10. Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile.
11. Ansin dúradh liom: “Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.”