Amós 7:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Agus tháinig aithreachas ar an Tiarna;“Ní thitfidh sé seo amach,” a dúirt an Tiarna.

4. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine.Bhí an duibheagán mór dóite aici,agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.

5. Dúirt mise ansin: “Éirigh as, a Thiarna Dia, impím ort.Cad é mar a mhairfidh Iacóbagus é chomh beag sin?”

6. Agus ghlac an Tiarna trua;“Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,”a dúirt an Tiarna.

7. Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom:An Tiarna ina sheasamh cois ballaagus dorú pluma ina láimh aige.

8. Dúirt an Tiarna liom:“A Amós, cad é a fheiceann tú?”“Dorú pluma,” arsa mise.Ansin dúirt an Tiarna liom:“Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma;ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.

9. Creachfar áiteanna arda Íosác;bánófar sanctóirí Iosraelnuair a thabharfaidh mé ruathar ar theach Iarobám leis an gclaíomh.”

10. Chuir Amaiziá, sagart Bhéit Éil, scéal ansin chuig Iarobám, rí Iosrael, á rá: “Tá Amós ag beartú comhcheilge i d'aghaidh i lár theach Iosrael; ní féidir leis an tír a bhriathra uile a fhulaingt níos mó.

Amós 7