Amós 6:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Agus má fhanann deichniúr fear in aon teach gheobhaidh siad bás.

10. An fear gaoil a iompraíonn na cnámha amach as na tithe chun iad a dhó, déarfaidh sé leis an té atá sa chuid is sia isteach den teach: “An bhfuil aon duine i do chuideachta fós?” Freagróidh seisean: “Níl! bí i do thost! caithimid gan ainm an Tiarna a lua.”

11. Óir, féach, ordaíonn an Tiarna féin é;buaileann sé agus déantar smionagar den teach móragus titeann an teach beag as a chéile.

12. An ritheann capaill ar charraigeacha?An dtreabhtar an fharraige le daimh?le go ndéanfadh sibh nimh den cheartagus mormónta de thoradh an ionracais.

13. Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár;“Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.

14. Ach, féach, a theach Iosrael, a deir an Tiarna, Dia na Slua,gríosfaidh mé cine in bhur gcoinne,cine a chiapfaidh sibh isteach ó bhéal Hamátó dheas go sileán an Arabá.

Amós 6