1. Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón,agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire,móruaisle scoth cine na gciníochaar a mbíonn triall theach Iosrael.
2. Téigí go Calna agus féachaigí,ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór,agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh;an fearr iadsan ná na ríochtaí seo?nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?
3. Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde,is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh!
4. [Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair,a shíneann iad féin ar tholga;a chothaíonn iad féin ar uain an tréada,agus ar na gamhna as na stalla;
5. a chanann baothamhráin le fuaim na cruite,a chumann (ar nós Dháiví) nuaghléasanna ceoil;
6. a ólann fíon i gcoirnagus a ungann iad féin leis na holaí is tofa;ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.
7. Beidh siad, dá bhrí sin, ar an gcéad dream ar deoraíocht;agus an mhuintir sínte ar tholga beidh deireadh lena ragairne.
8. Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin,- is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn -Is fuath liom díomas Iacóib,is beag orm a pháláis;tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.