Amós 5:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh;is caoineadh é, a theach Iosrael:

2. Tá an mhaighdean Iosrael ar lár,ní éireoidh sí níos mó;óir tá sí tréigthe ar a talamh féinagus gan aon duine lena tógáil aníos.

3. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:An chathair a raibh míle saighdiúir aiciní fhágfar ach céad aici;agus an chathair a raibh céad aiciní fhágfar aici ach deichniúr.

4. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;

5. ach ná gabh go Béit Éil,agus ná téigh isteach go Gilgeálná anonn go Béar Seaba;mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíochtagus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.

6. Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú;ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thineagus go n‑alpfadh sí éagus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadhar son theach Iosrael.

7. [Is mairg] dóibh siúda dhéanann mormónta as an bhfíréantachta chaitheann an ceart uathu ar lár;

8. Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon,a dhéanann solas de dhuibhe na hoícheagus a dhorchaíonn arís an lá,a ghaireann ar uiscí na farraigeagus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún;an Tiarna is ainm dó.

9. Teilgeann sé léirscrios ar an dún,sa chruth go gcreachtar an daingean,

10. ar fuath leo an fear a chuireannceart dlí i bhfeidhm ag an ngeataagus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne.

11. Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán,agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air,na tithe sin a thóg sibh le clocha snoitení chónóidh sibh iontu;na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibhní ólfaidh sibh a bhfíon.

12. Óir is eol domsa iomad bhur gciontaagus méid bhur bpeacaí;sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab,a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.

13. Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.

14. Iarraigí an mhaith in áit an oilc,ionas go mairfidh sibh,agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríremar a mhaíonn sibh atá sé.

15. Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith;cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata;agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua,trua ar iarmhar Iósaef.

Amós 5