1. Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh;is caoineadh é, a theach Iosrael:
2. Tá an mhaighdean Iosrael ar lár,ní éireoidh sí níos mó;óir tá sí tréigthe ar a talamh féinagus gan aon duine lena tógáil aníos.
3. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:An chathair a raibh míle saighdiúir aiciní fhágfar ach céad aici;agus an chathair a raibh céad aiciní fhágfar aici ach deichniúr.
4. Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael:Gabh ar mo lorgsa agus mairfidh tú;
5. ach ná gabh go Béit Éil,agus ná téigh isteach go Gilgeálná anonn go Béar Seaba;mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíochtagus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.
6. Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú;ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thineagus go n‑alpfadh sí éagus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadhar son theach Iosrael.
7. [Is mairg] dóibh siúda dhéanann mormónta as an bhfíréantachta chaitheann an ceart uathu ar lár;
8. Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon,a dhéanann solas de dhuibhe na hoícheagus a dhorchaíonn arís an lá,a ghaireann ar uiscí na farraigeagus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún;an Tiarna is ainm dó.
9. Teilgeann sé léirscrios ar an dún,sa chruth go gcreachtar an daingean,
10. ar fuath leo an fear a chuireannceart dlí i bhfeidhm ag an ngeataagus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne.
11. Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán,agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air,na tithe sin a thóg sibh le clocha snoitení chónóidh sibh iontu;na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibhní ólfaidh sibh a bhfíon.