1. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Mhóáb,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,
2. teilgfidh mé tine síos ar Mhóábagus dófaidh sí páláis Chiríot,éagfaidh Móáb le linn an chlampair,le linn gártha agus fuaim an trumpa;
3. scriosfaidh mé an taoiseach óna láragus maróidh mé gach prionsa leis,a deir an Tiarna.
4. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Iúdá,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarnaagus nár choinnigh siad a aitheanta,ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,
5. teilgfidh mé tine síos ar Iúdáagus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.
6. Mar seo a deir an Tiarna:In éiric thrí pheaca Iosrael,in éiric a cheithre pheaca,ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgeadagus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,