2 Teasalónaigh 2:5-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Nach cuimhin libh mé á rá sin libh agus mé fós in bhur measc?

6. Agus tá a fhios agaibh anois cad atá á choinneáil gan a nochtadh nó go mbeidh a ionú ann.

7. Tá cumhacht dhiamhair an oilc ag obair cheana féin agus gan í ach ag fanacht go dtógfar as an tslí an té úd atá á cosc.

8. Agus ansin taispeánfaidh an mac mallachta é féin, ach déanfaidh an Tiarna Íosa é a bhascadh le hanáil a bhéil agus díothóidh é le niamhracht a theachta.

9. Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige,

10. agus le teann urchóide cuirfidh sé cluain orthu siúd atá ar bhealach a n‑aimhleasa, de bhrí nach nglacfaidís leis an ngrá don fhírinne a chuirfeadh ar láimh shábháilte iad.

2 Teasalónaigh 2