4. [Bhí Uzá ag siúl] taobh le háirc Dé agus Aichíó ag gabháil roimpi.
5. Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.
6. Nuair a thángadar go hurlár buailte áirithe, shin Uzá a lámh chun áirc an Tiarna agus choinnigh socair í mar go raibh na daimh ag tuisliú.
7. D'adhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna.
8. Bhí Dáiví míshásta mar gur bhris fearg an Tiarna amach ina aghaidh Uzá, agus tugtar Bearna Uzá ar an áit go dtí an lá inniu.
9. Bhí eagla an Tiarna ar Dháiví an lá sin: “Conas,” ar sé, “arbh fhéidir le háirc an Tiarna teacht chugamsa?”
10. Shocraigh Dáiví gan an áirc a thabhairt isteach i nDúnfort Dháiví ach thug sé i leataobh í go teach Obaed Eadóm ó Ghat.
11. D'fhan áirc an Tiarna i dteach Obaed Eadóm ó Ghat ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar Obaed Eadóm agus ar a theaghlach go léir.
12. Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Obaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. D'imigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Obaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire.