4. an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; an cúigiú mac Seafateá mac Aibíotal;
5. an séú mac Itreám ó Eaglá bean Dháiví. Rugadh iadsan do Dháiví i Heabrón.
6. Fad a bhí an cogadh idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví ar siúl, ghabh Aibnéar gach ceannas ar theaghlach Shóil.
7. Tharla go raibh leannán le Sól, darbh ainm Rizpeá iníon Aiá, agus gur thóg Aibnéar chuige í. Dúirt Ís Bál le hAibnéar: “Cad ab áil leat luí le leannán m'athar?”
8. Chuir caint seo Ís Bál cuthach feirge ar Aibnéar. “An ceann madra as Iúdá mé,” ar sé. “Seo mé anois ar mo dhícheall ar mhaithe le teaghlach Shóil, d'athair, a dheartháireacha, agus a chairde, gan tú a thabhairt i lámha Dháiví, agus anois seo tú do mo lochtú i dtaobh mná!
9. Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó -
10. an ríocht a bhaint de theaghlach Shóil agus ríchathaoir Dháiví a chur os cionn Iosrael agus Iúdá, ó Dhán go Béar Seaba.”
11. Ní raibh sé de mhisneach ag Ís Bál focal a rá le hAibnéar mar go raibh eagla air roimhe.
12. Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: “Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.”
13. “Tá go maith,” arsa Dáiví, “déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.”
14. Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: “Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.”
15. Chuir Ís Bál fios uirthi dá bhrí sin á breith ó Phailtiéil mac Laís.
16. Chuir a fear chun bóthair ina teannta agus lean í agus na deora leis chomh fada le Bachuraím. Ansin dúirt Aibnéar leis: “Imigh leat ar ais,” agus rinne.
17. Chuaigh Aibnéar i gcomhairle le seanóirí Iosrael: “is fada anois sibh,” ar sé, “ag iarraidh Dáiví a bheith ina rí oraibh.
18. Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: ‘Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.’ ”
19. Labhair Aibnéar chomh maith le muintir Bhiniáimin, agus chuaigh sé ansin go Heabrón, lena raibh socair ag Iosrael agus teaghlach Bhiniáimin go léir a rá le Dáiví.
20. Tháinig Aibnéar agus fiche fear ina theannta go Dáiví i Heabrón, agus bhí féasta ag Dáiví in onóir Aibnéar agus a chomplachta.
21. Dúirt Aibnéar ansin le Dáiví: “Ní mór dom a bheith ag cur díom; táim chun Iosrael go léir a chruinniú go dtí mo thiarna, an rí. Déanfaidh siad conradh leat agus beidh tú i do rí ar mhian do chroí.” Scaoil Dáiví Aibnéar uaidh dá bhrí sin agus d'imigh sé gan aon duine a chur isteach air.
22. Bhí lucht leanúna Dháiví ag filleadh le Ióáb tar éis ruathair, agus bhí creach mhór á tabhairt acu leo. Ní raibh Aibnéar in éineacht le Dáiví ag Heabrón mar gur scaoil Dáiví leis, agus d'imigh sé go síochánta.
23. Nuair a tháinig Ióáb agus an t‑arm go léir a bhí in éineacht leis, dúradh le Ióáb: “Bhí Aibnéar mac Néar ar thuairisc an rí, agus scaoil sé leis agus d'imigh sé faoi shíocháin.”