11. Ní raibh sé de mhisneach ag Ís Bál focal a rá le hAibnéar mar go raibh eagla air roimhe.
12. Chuir Aibnéar teachtairí go Dáiví [i Heabrón] á rá: “Cé leis an tír? Déan do chonradh liom agus tabharfaidh mé mo chabhair duit chun Iosrael uile a thabhairt ar do thaobh.”
13. “Tá go maith,” arsa Dáiví, “déanfaidh mé conradh leat. Ach leagfaidh mé aon acht amháin ort; ní scaoilfear isteach i mo láthair thú mura dtugann tú leat Míceal, iníon Shóil, agus tú ag teacht i mo láthair.”
14. Chuir Dáiví teachtairí ansin go Ís Bál, mac Shóil: “Tabhair ar ais dom mo bhean Míceal a bhuaigh mé le céad forchraiceann de chuid na bhFilistíneach.”
15. Chuir Ís Bál fios uirthi dá bhrí sin á breith ó Phailtiéil mac Laís.
16. Chuir a fear chun bóthair ina teannta agus lean í agus na deora leis chomh fada le Bachuraím. Ansin dúirt Aibnéar leis: “Imigh leat ar ais,” agus rinne.
17. Chuaigh Aibnéar i gcomhairle le seanóirí Iosrael: “is fada anois sibh,” ar sé, “ag iarraidh Dáiví a bheith ina rí oraibh.
18. Cuirigí i gcrích anois é más ea. Thug an Tiarna gealltanas do Dháiví á rá: ‘Le neart láimhe mo sheirbhísigh Dáiví, déanfaidh mé mo phobal Iosrael a shaoradh ó lámha na bhFilistíneach agus ó lámha a naimhde go léir.’ ”
19. Labhair Aibnéar chomh maith le muintir Bhiniáimin, agus chuaigh sé ansin go Heabrón, lena raibh socair ag Iosrael agus teaghlach Bhiniáimin go léir a rá le Dáiví.