1. Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n‑aghaidh. “Téigh,” ar sé, “agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.”
2. Dúirt an rí le Ióáb agus leis na hoifigigh shinsir den arm a bhí in éineacht leis: “Imígí libh anois i measc treibheanna Iosrael ó Dhán go Béar Seaba agus déanaigí daonáireamh; is mian liom a fhios a bheith agam cad é líon an phobail.”
3. Dúirt Ióáb leis an rí: “Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?”
4. Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d'imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.
5. Ghabhadar thar Iordáin agus thosaíodar le hAroéir agus leis an gcathair atá i lár an ghleanna, agus ar aghaidh go Gád agus Iazaer.
6. Chuadar as sin go Gileád agus go Cáidéis i dtír na Hiteach; ansin chuadar go Dán, agus ó Dhán timpeall go Síodón.
7. Thángadar ansin go daingean na Tuíre agus go cathracha uile na Hiveach agus na gCanánach, agus ag sroicheadh ceann cúrsa i Neigib Iúdá ag Béar Seaba.
8. Tar éis dóibh gabháil tríd an tír go léir d'fhilleadar ar Iarúsailéim faoi cheann naoi mí agus fiche lá.
9. Thug Ióáb figiúir an daonáirimh don rí: ocht gcéad míle fear troda, lucht claíomh a tharraingt, a bhí in Iosrael agus cúig céad míle in Iúdá.
10. Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.”
11. Nuair a d'éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:
12. “Téigh agus abair le Dáiví: seo mar a deir an Tiarna: ‘Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ”
13. Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d'inis sé sin dó. “Cé acu is fearr leat,” ar seisean, “trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”
14. Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”
15. Mar sin thogh Dáiví an phlá.Aimsir fhómhar na cruithneachta a bhí ann. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael ón maidin go dtí an uair a bhí leagtha amach agus rinne aicíd léirscrios ar an bpobal, agus ó Dhán go Béar Seaba fuair seachtó míle acu bás.