9. Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu.
10. Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; d'fhill an t‑arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin.
11. Ina dhiaidh sin bhí Seamá mac Áigé an Harárach. Thionóil na Filistínigh ag Leichí mar a raibh gort lán de lintilí. Theith an t‑arm roimh na Filistínigh.
12. Ach sheas seisean an fód i lár an ghoirt, chosain é, agus mharaigh na Filistínigh. Chuir an Tiarna bua mór i gcrích ar an gcuma sin.
13. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.
14. Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.