2 Samúéil 22:21-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta;déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,

22. mar choinnigh mé slite an Tiarna,agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia.

23. Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl,ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

24. Táim gan choir ina fhianaiseagus sheachain mé an peaca.

25. Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta,de réir m'ionracais ina láthair.

26. Is dílis tú le lucht na dílseachtaagus is neamhurchóideach thú leis an muintir gan urchóid.

27. Is glan tú le lucht na glaine croí,ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim.

28. Fuasclaíonn tú an mhuintir umhal,ach tá do shúile ar lucht an uabhair lena n‑ísliú.

29. Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann,agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas.

30. Brúchtaim thar an mbarbacán le do chabhair,agus le cabhair Dé léimim thar balla.

31. Dia seo againn, tá a shlí gan cháim;níl fochall i bhfocal an Tiarna;is sciath é don mhuintir go léira théann faoina dhídean.

32. Cé eile is Dia ann ach an Tiarna?Cé eile is carraig ach Dia seo againne?

33. Sé an Dia seo crios mo nirt,a d'fhág mo chosán gan bhaol.

34. Rinne sé mo chosa mar chosa an fhia,agus dhaingnigh mo bhoinn ar na harda.

35. Oileann sé mo lámha don chath,i dtreo go lúbfadh mo ghéaga bogha cré-umha.

36. Thug tú dom do sciath fuascailte,agus is díon agam do chathéide.

2 Samúéil 22