2 Samúéil 22:16-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Nochtadh grinneall an bhfarraigí,agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne,de bharr bhagairt an Tiarnaagus borradh ghal a pholláirí.

17. Shín sé a lámh chugam ó na hardaagus sciob sé mé as na huiscí doimhne.

18. D'fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan,uathu siúd a thug fuath dom,mar go raibh siad róláidir dom.

19. Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste,ach ba é an Tiarna mo thaca;

2 Samúéil 22