2 Samúéil 22:11-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. In airde ar cheirib leis agus d'eitil,agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe.

12. Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas.Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha.

13. Roimhe amach d'adhain splanc,casair agus caora tintí.

14. Rinne an Tiarna toirneach ó na spéarthaagus ba chlos glór an té is airde.

2 Samúéil 22