12. Bhí Amásá ansiúd sa chosair chró i lár an bhóthair, agus gach duine a thagadh an treo, stadadh sé nuair a d'fheiceadh sé é. Nuair a chonaic an saighdiúir go stadadh gach duine, tharraing sé Amásá leis ón mbóthar mór isteach sa ghort agus leath brat air.
13. Nuair a tógadh den bhóthar é, chuaigh gach duine ar aghaidh i ndiaidh Ióáb sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.
14. Ghabh Seaba ar aghaidh trí threibheanna Iosrael go léir go hÁbael Béit Mácá; chruinnigh na Bicrígh go léir agus lean siad isteach é.
15. [Tháinig na fir go léir a bhí le Ioáb] agus chuir siad léigear air in Ábael Béit Mácá. Thóg siad port cré in aghaidh na cathrach, ansiúd i gcoinne na múrtha, agus chrom siad ar na ballaí a thuargan agus a leagan.
16. Ansin ghlaoigh bean chiallmhar ón gcathair á rá: “Éistigí, éistigí! Abraigí le Ióáb: ‘Tar i leith go labhróidh mé leat.’ ”
17. Agus tháinig sé ina treo. Dúirt an bhean: “An tú Ióáb?” “Is mé,” ar sé. Dúirt sí leis: “Tabhair cluas dá bhfuil á rá ag do bhansearbhónta.” “Táim ag éisteacht,” ar sé.
18. Ansin dúirt sí: “Deiridís fadó: ‘Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,’ agus is mar sin a shocraídís a ngnó.
19. Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”