2 Samúéil 2:15-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Tháinig siad chun tosaigh dá bhrí sin, agus rinneadh iad a áireamh - dháréag ó Bhiniáimin do Ís Bál mac Shóil, agus dháréag de lucht leanúna Dháiví.

16. Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón.

17. Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael.

18. Bhí triúr mac Zarúá ann - Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin.

19. Chuaigh Asáhael sa toir ar Aibnéar, gan casadh ar dheis ná ar chlé agus é sa tóir ar Aibnéar.

20. Chas Aibnéar siar air: “A Asáhael,” ar sé, “an tú atá ann?” D'fhreagair seisean: “is mé.”

21. “Cas ar do dheis nó ar do chlé,” arsa Aibnéar leis, “agus beir ar dhuine de na saighdiúirí agus tabhair leat a éadáil.” Ach ní scoirfeadh Asáhael den tóir air.

2 Samúéil 2