2 Samúéil 19:33-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Bhí aois mhór ag Bairzilí; bhí sé ceithre fichid bliain, agus is é a sholáthraigh bia don rí le linn dó a bheith i Machanáím mar gurbh fhear an-saibhir é.

34. “Tar liomsa,” arsan rí le Bairzilí, “agus déanfaidh mé soláthar do [do sheanaois] in Iarúsailéim in éineacht liomsa.”

35. Ach dúirt Bairzilí leis an rí: “An iomaí bliain atá fágtha fós agam le caitheamh a rá is go rachainn suas go Iarúsailéim leis an rí?

36. Táim ceithre fichid bliain d'aois anois; an n‑aithneoinn só thar anó? An bhfaighimse, do shearbhónta, blas ar bhia nó ar dheoch? An dtabharfainn cluas fós do ghuth na bhfear nó na mban ag canadh? Cén fáth a mbeadh do shearbhónta ina ualach breise ar mo thiarna an rí?

37. Ní dhéanfaidh do shearbhónta ach dul thar Iordáin anonn beagán leis an rí; cén fáth go dtabharfadh an rí a leithéid de luach saothair dom?

38. Lig do do shearbhónta, le do thoil, filleadh ar ais le bás a fháil i mo chathair féin, taobh le huaigh m'athar agus mo mháthar. Ach seo é do shearbhónta Ciomchám; téadh seisean anonn le mo thiarna an rí; déan leis mar is dóigh leat is ceart.”

39. Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”

2 Samúéil 19