12. Nuair a fuair an rí gaoth an fhocail faoina raibh á rá ar fud Iosrael, chuir sé - Dáiví rí - scéala go dtí na sagairt Zádóc agus Aibíátár: “Abraigí le seanóirí Iúdá: ‘Cén fáth gur sibhse a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?
13. Sibhse mo bhráithre, sibhse m'fhuil agus m'fheoil féin; cén fáth, más ea, gur sibh a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?’
14. Agus abraigí le hAmásá chomh maith: ‘Nach tú m'fhuil agus m'fheoil féin? Go ndéana Dia seo agus siúd eile liom mura tú a bheidh mar cheann feadhna agam as seo amach in áit Ióáb.’ ”
15. Agus mheall sé chuige croí fhir Iúdá go léir, agus iad ar aon aigne; chuireadar teachtaireacht go dtí an rí á rá: “Fill ar ais, thú féin agus do shearbhóntaí go léir.”
16. D'fhill an rí ar ais dá bhrí sin go dtí an Iordáin. Agus tháinig Iúdá go Gilgeál le bualadh leis an rí chun é a thionlacan anall thar Iordáin.
17. Bhrostaigh Simeí mac Ghéará an Biniáimineach ó Bhachúraím anuas le fir Iúdá le bualadh le Dáiví rí.
18. Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí,
19. agus rinne siad cion fir ag iompar teaghlach an rí anall thar áth, agus ag déanamh cibé rud ba mhian leis. Ag gabháil thar Iordáin don rí, chaith Simeí mac Ghéara é féin ag a chosa
20. agus dúirt leis an rí: “Ná cuireadh mo thiarna éagóir i mo leith; ná cuimhnigh ar an gcoir a rinne do shearbhónta an lá a d'fhág mo thiarna an rí Iarúsailéim. Caitheadh an rí as a aigne í.
21. Óir is eol do do shearbhónta gur pheacaigh sé; seo anseo mé dá réir sin inniu, ar an gcéad duine de theaghlach Iósaef ar fad ag teacht anuas agus ag bualadh le mo thiarna an rí.”
22. Ansin labhair Aibísí mac Zarúá amach: “Nach gcuirfear Simeí chun báis de bhrí gur chuir sé a mhallacht ar ungthach an Tiarna?”
23. “Céard é seo atá eadrainn, a mhaca Zarúá,” arsa Dáiví, “a rá is go mbeadh sibh inniu mar namhaid agam? Arbh fhéidir aon duine a chur chun báis in Iosrael ar a leithéid seo de lá? Nach inniu is eol dom go dearfa gur rí mé ar Iosrael?”
24. Dúirt an rí le Simeí: “Ní chuirfear chun báis thú,” agus thug sé a mhionn dó.