21. Ansin dúirt Ióáb leis an gCúiseach: “Imigh leat agus inis don rí a bhfaca tú.” D'umhlaigh an Cúiseach do Ióáb agus rith leis.
22. Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: “Cibé a tharlóidh,” ar sé le Ióáb, “caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.” “Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.”
23. “Cibé a tharlóidh,” ar sé, “caithfidh mé rith.” “Rith leat, más ea,” arsa Ióáb. Ansin rith Aichímeáz leis bealach an mhachaire agus fuair sé an tosach ar an gCúiseach.
24. Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó d'fhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin.
25. Scairt an fear faire agus d'inis sé sin don rí. Dúirt an rí: “Má tá sé leis féin, tá scéala le hinsint aige.” Nuair a dhruid an fear níos cóngaraí fós agus é á bhaint as na bonna,
26. chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: “Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!” D'fhreagair an rí: “Tá scéala aige sin chomh maith.”