2 Samúéil 17:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. agus tabharfaidh mé an pobal go léir ar ais chugat mar a thiocfadh brídeog abhaile chun a fear céile. Níl tú sa tóir ach ar anam aon duine amháin, agus beidh an chuid eile den phobal faoi shíocháin.”

4. Thaitin an chomhairle sin le hAibseálóm agus le seanóirí Iosrael go léir.

5. Ansin dúirt Aibseálóm: “Glaoigh ar Húisí an tAircíoch chomh maith, agus tugaimis cluas dá bhfuil le rá aige.”

6. Nuair a tháinig Húisí go hAibseálóm, dúirt Aibseálóm leis: “Sin mar a deir Aichítifeil; an ndéanfaimid mar a deir sé? Mura ndéanfaimid, abair rud éigin tú féin.”

7. Ansin dúirt Húisí le hAibseálóm: “An chomhairle a thug Aichítifeil an turas seo, ní maith í.”

8. Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.

9. Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm.

10. Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é d'athair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta.

11. Sé mo chomhairlese duit: Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba a thionól i do thimpeall, agus iad chomh líonmhar le gaineamh na trá: agus tú féin a dhul chun catha chomh maith.

12. Tiocfaimid air cibé áit ina bhfuil sé le fáil; titfimid sa mhullach air faoi mar a thiteann an drúcht ar an talamh gan eisean ná aon duine ina chuideachta a fhágáil beo.

2 Samúéil 17