2 Samúéil 15:10-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: “A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: ‘Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!’ ”

11. Chuaigh dhá chéad fear le hAibseálóm ó Iarúsailéim; bhí cuireadh acu, agus thángadar gan urchóid ina gcroí ná eolas ar bith acu.

12. Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.

13. Tháinig teachtaire chuig Dáiví agus dúirt leis: “Tá lé ag fir Iosrael le hAibseálóm anois.”

14. Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: “As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.”

15. D'fhreagair oifigigh an rí: “Féach, táimidne, do shearbhóntaí, réidh le déanamh de réir cibé ní a bheartóidh mo thiarna, an rí.”

16. D'imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d'fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.

17. D'imigh an rí de chois agus a mhuintir go léir ina dhiaidh agus stad siad ag an teach deiridh.

18. Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.

19. Dúirt an rí le hIotaí an Giteach: “Cén fáth a bhfuil tusa ag teacht linne? Fill ar ais agus fan in éineacht leis an rí mar is coimhthíoch thú, agus deoraí ó do thír féin chomh maith.

20. Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.”

21. D'fhreagair Iotaí an rí: “Dar an Tiarna beo, agus dar anam mo thiarna an rí, cibé áit ina mbeidh mo thiarna an rí, más beo, más marbh dó, is ann a bheidh do shearbhónta chomh maith.”

22. “Ar aghaidh leat tharainn, más ea,” arsa Dáiví le hIotaí. Ghabh Iotaí an Giteach ar aghaidh lena chuid fear go léir agus na miondaoine go léir a lean é.

2 Samúéil 15