2 Samúéil 13:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: “Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n‑íosfainn as a láimh.”

7. Chuir Dáiví teachtaireacht go Támár: “Téigh go teach do dhearthár Amnón, agus ullmhaigh bia dó.”

8. Chuaigh Támár dá bhrí sin go teach a dearthár Amnón, mar a raibh sé ina luí. Fuair sí taos, d'fhuin é, agus rinne cácaí os comhair a shúl, agus bhruith sí na cácaí.

9. Ansin thóg sí an t‑oigheann, agus scaoil amach os a chomhair iad, ach dhiúltaigh sé greim a ithe. “Imíodh gach aon duine amach uaim,” arsa Amnón, agus d'imíodar.

10. Ansin dúirt Amnón le Támár: “Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n‑íosfainn as do láimh.” Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh.

11. Agus í ag tabhairt an bhia ina chóngar, rug sé greim uirthi agus dúirt léi: “Tair agus luigh liom, a shiúr.”

12. “Stad, a bhráthair liom,” ar sí, “ná héignigh mé! Ní dhéantar a leithéid in Iosrael. Ná déan an choir ghránna sin.

13. Cá rachainn ag iompar m'aithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i d'óinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.”

2 Samúéil 13