10. Ansin dúirt Amnón le Támár: “Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n‑íosfainn as do láimh.” Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh.
11. Agus í ag tabhairt an bhia ina chóngar, rug sé greim uirthi agus dúirt léi: “Tair agus luigh liom, a shiúr.”
12. “Stad, a bhráthair liom,” ar sí, “ná héignigh mé! Ní dhéantar a leithéid in Iosrael. Ná déan an choir ghránna sin.
13. Cá rachainn ag iompar m'aithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i d'óinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.”
14. Ach ní éistfeadh sé léi; fuair sé an lámh in uachtar uirthi; d'éignigh sé í, agus luigh léi.
15. Tháinig gráin mhór ag Amnón ansin di; an ghráin a bhí aige di, ba thréine í ná an grá a bhí aige roimhe sin di. Dúirt Amnón léi: “Bí i do shuí agus imigh leat.”
16. “Ní dhéanfaidh mé, a dheartháir,” ar sí, “ba mhó de choir mé a chur chun siúil ná an ceann eile a rinne tú i m'aghaidh.” Ach ní thabharfadh sé cluas di.
17. Ghlaoigh sé ar an óglach a bhí ag freastal air: “Cuir an bhean seo amach as mo radharc uaim,” ar sé, “agus cuir an bolta ar an doras ina diaidh.”
18. (Bhí fallaing le muinchillí fada á caitheamh aici, mar sin é a chaitheadh iníonacha an rí sa seansaol roimh phósadh dóibh.) Chuir an t‑óglach amach í agus chuir an bolta ar an doras ina diaidh.