2 Samúéil 13:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mar seo a bhí ina dhiaidh sin. Bhí deirfiúr álainn ag Aibseálóm mac Dháiví darbh ainm Támár. Thit Amnón mac Dháiví i ngrá léi.

2. Bhí Amnón chomh cráite faoina dheirfiúr Támár gur éirigh sé tinn; ba mhaighdean í agus shíl Amnón nárbh fhéidir dó aon ní a dhéanamh léi.

3. Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb.

4. “A mhic an rí,” ar sé leis, “cén fáth a mbíonn tú caite maidin i ndiaidh na maidine? Nach n‑inseoidh tú dom?” Dúirt Amnón leis: “Táim i ngrá le Támár, deirfiúr Aibseálóm, mo dheartháir.”

5. Dúirt Iónádáb leis: “Luigh síos ar do leaba agus lig ort go bhfuil tú tinn. Nuair a thiocfaidh d'athair ar cuairt chugat abair: ‘Tagadh mo dheirfiúr Támár agus tugadh sí rud éigin le hithe dom, déanadh sí an bia a ullmhú os comhair mo shúl le go bhfeicfinn é, agus go n‑íosfainn é as a láimh.’ ”

6. Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: “Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n‑íosfainn as a láimh.”

7. Chuir Dáiví teachtaireacht go Támár: “Téigh go teach do dhearthár Amnón, agus ullmhaigh bia dó.”

8. Chuaigh Támár dá bhrí sin go teach a dearthár Amnón, mar a raibh sé ina luí. Fuair sí taos, d'fhuin é, agus rinne cácaí os comhair a shúl, agus bhruith sí na cácaí.

9. Ansin thóg sí an t‑oigheann, agus scaoil amach os a chomhair iad, ach dhiúltaigh sé greim a ithe. “Imíodh gach aon duine amach uaim,” arsa Amnón, agus d'imíodar.

10. Ansin dúirt Amnón le Támár: “Tabhair an bia isteach sa seomra laistigh le go n‑íosfainn as do láimh.” Rug Támár ar na cácaí a bhruith sí agus thug léi isteach iad go dtí a deartháir Amnón sa seomra laistigh.

11. Agus í ag tabhairt an bhia ina chóngar, rug sé greim uirthi agus dúirt léi: “Tair agus luigh liom, a shiúr.”

2 Samúéil 13