11. “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d'aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo.
12. Ghníomhaigh tusa faoi rún; gníomhóidh mise os comhair Iosrael ar fad agus faoi sholas na gréine.’ ”
13. Dúirt Dáiví le Nátán: “Pheacaigh mé in aghaidh an Tiarna.” Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “Chomh fada agus a bhaineann leis an Tiarna, tugann sé maithiúnas duit i do pheaca; ní chuirfear chun báis thú.
14. Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.”
15. Ansin chuaigh Nátán abhaile.Leag an Tiarna a lámh ar an leanbh a rug bean chéile Úiríá do Dháiví agus tháinig tinneas trom air.
16. Rinne Dáiví achainí chun Dé ar son an linbh; rinne sé troscadh dian; chuaigh sé isteach abhaile agus chaith an oíche ar an talamh lom.
17. Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d'iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo.
18. Ar an seachtú lá, fuair an leanbh bás. Bhí eagla ar fheidhmeannaigh Dháiví a insint dó go raibh an leanbh marbh. “Fad a bhí an leanbh beo,” ar siad, “bhímis ag áiteamh leis, ach ní éistfeadh sé linn. Conas, más ea, a d'fhéadfaimis a rá leis go bhfuil an leanbh marbh? B'fhéidir go ndéanfadh sé díobháil éigin dó féin.”
19. Ach thug Dáiví faoi deara go raibh a fheidhmeannaigh ag cogarnaíl le chéile agus thuig sé go raibh an leanbh marbh. “An bhfuil an leanbh marbh?” arsa Dáiví leis na feidhmeannaigh. D'fhreagair siad: “Tá. Tá sé marbh.”
20. D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
21. Dúirt a fheidhmeannaigh leis: “Cad ina thaobh go bhfuil seo á dhéanamh agat? Fad a mhair do leanbh, bhí tú ag troscadh agus ag caoineadh, ach nuair a fuair an leanbh bás, d'éirigh tú agus chaith tú bia.”
22. “Fad a mhair an leanbh,” d'fhreagair sé, “rinne mé troscadh agus caoineadh mar go raibh mé á rá liom féin: ‘Cá bhfios nach mbeadh trua ag an Tiarna dom agus go mairfeadh mo leanbh.’
23. Ach anois, ó tá sé marbh, cén fáth a ndéanfainn troscadh? An féidir liom é a thabhairt ar ais arís? Rachaidh mise chuige, ach ní féidir dósan teacht ar ais chugamsa.”
24. Chrom Dáiví ar shólás a thabhairt dá bhean Baitseaba, agus chuaigh isteach chuici agus luigh léi. Ghabh sí gin, agus rug sí mac ar ar thug sí Solamh. Bhí grá ag an Tiarna dó,