2 Samúéil 11:15-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. “Cuir Úiríá i bhfíorthosach an chruachatha, agus ansin tarraingigí féin siar ar a chúl, ionas go ndéanfar é a threascairt agus a mharú.”

16. Bhí an chathair faoi léigear ag Ióáb, agus chuir sé Úiríá in ionad arbh eol do na fir throda a bheith go fíochmhar.

17. Thug muintir na cathrach rúid amach agus rinne ionsaí ar Ióáb; maraíodh cuid den arm agus cuid de sheirbhísigh Dháiví ina measc; agus maraíodh Úiríá an Hiteach i gcuideachta na cuideachta.

18. Chuir Ióáb tuairisc iomlán ar an gcath go dtí Dáiví.

19. Thug sé an treoir seo don teachtaire: “Nuair a bheidh scéal an chatha ar fad inste agat don rí,

20. má thagann fearg ar an rí, agus go ndeir sé leat: ‘Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach don chathair ag cur an chatha? Nach raibh a fhios agaibh go gcaithfidís libh ó na ballaí?

21. Cé mharaigh Aibímeilic mac Iarubál? Nach ann a chaith bean bró mhuilinn anuas air ó na ballaí agus a mharaigh é i dTéibéiz? Cén fáth a ndeachaigh sibh chomh cóngarach do na ballaí?’ abairse ansin: ‘Tá do shearbhónta Úiríá an Hiteach marbh chomh maith.’ ”

22. D'imigh an teachtaire leis, agus ar theacht dó, d'inis sé do Dháiví gach a raibh ordaithe ag Ióáb dó a rá.

23. Dúirt an teachtaire le Dáiví: “Fuair a gcuid fear buntáiste orainn agus thángadar amach inár gcoinne ar an bpáirc, ach thiomáineamar ar gcúl iad go dtí béal an gheata.

2 Samúéil 11