15. Ansin ghlaoigh Dáiví ar dhuine dá shaighdiúirí: “Gabh i leith,” ar sé; “treascair é.” Bhuail agus mharaigh.
16. “Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d'aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’ ”
17. Ansin chaoin Dáiví Sól agus a mhac Iónátán leis an gcaoineadh seo leanas.
18. Dúirt sé é a mhúineadh, dá ghruama é, do chlann Iúdá. Féach, tá sé scríofa i Leabhar na bhFiréan. Mar seo a dúirt sé:
19. “Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar d'ardáin!Cad é mar a d'éag na gaiscígh!
20. Ná hinsigí é i nGatAgus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon.Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach,Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh.
21. A Shléibhte Ghiolboa,Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh.A bhánta fill!Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich.Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,
22. Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch.Níor chas bogha Iónátán ar aisNá níor fhill claíomh Shóil follamh.
23. Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe!Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh!Ba mhire iad ná na hiolair.Ba láidre ná na leoin.
24. A iníonacha Iosrael caoinigí Sól,A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga,A chuir dealga óirAr bhur bhfeisteas.
25. Conas a d'éag na gaiscíghI lár an chatha?A Iónátán, is é do bhás a chloígh mé!
26. Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó.Ba thú mo lao is m'ansacht.Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin. 27 Conas a d'éag na gaiscígh?Conas a theip an trealamh catha?”