7. Déan teaghlach Acháb do mháistir a scrios, agus déanfaidh mé fuil mo shearbhóntaí na fáithe agus searbhóntaí an Tiarna go léir a agairt ar Ízeibil.
8. Scriosfar clann Acháb go léir. Déanfaidh mé gach fireannach de shliocht Acháb, cibé acu saor nó daor, in Iosrael, a scrios.
9. Agus tabharfaidh mé an cor céanna ar shliocht Acháb le sliocht Iarobám mac Nabát agus sliocht Bháiseá mac Aichíá.
10. Maidir le Ízeibil, íosfaidh na madraí í i nduiche Izréil; ní dhéanfaidh aon duine í a chur.’ ” Ansin d'oscail sé an doras agus d'éalaigh leis.
11. Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.
12. “Scéal thairis,” ar siad. “Téanam agus inis dúinn.” “A leithéid seo, a dúirt sé,” ar sé; “seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ ”
13. Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”