26. ‘Seo mo mhionn: Chonaic mé fuil Nábót agus fuil a chlann mhac inné - sé an Tiarna atá ag caint - déanfaidh mé é a chúiteamh leatsa sa ghort céanna.’ Tóg suas é mar sin agus caith isteach i ngort Nábót é de réir bhriathar an Tiarna.”
27. Nuair a chonaic Achaizíá rí Iúdá a raibh ar siúl, theith sé leis i dtreo Bhéit Hagán, ach chuaigh Iéahú ar a thóir agus dúirt: “Treascair eisean chomh maith.” [Ghoineadar é] ina charbad ag ardán Ghúr atá i gcóngar Ibleám agus theith sé go Migideo mar a bhfuair sé bás.
28. Thug a shearbhóntaí i gcarbad é go Iarúsailéim agus chuireadar ina thuama lena shinsir é i nDúnfort Dháiví.
29. San aonú bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb a tháinig Achaizíá i gcoróin ar Iúdá.
30. Nuair a tháinig Iéahú go Izréil, chuala Ízeibil faoi, agus mhaisigh sí a súile, agus chóirigh a ceann agus bhí ag féachaint amach an fhuinneog.
31. Ag teacht an geata isteach do Iéahú dúirt sí: “An síocháin do ghnó, a Zimrí, a fhir mharaithe do mháistir?”
32. D'fhéach Iéahú in airde i dtreo na fuinneoige, agus dúirt: “Cé tá liom? Cé tá?” agus d'fhéach dhá choillteán nó trí anuas air.