2 Ríthe 9:21-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. “Gabhaigí mo charbad,” arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach.

22. Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”

23. Ansin d'iompaigh Iórám timpeall agus theith sé á rá: “Feall, a Achaizíá!”

24. Ach tharraing Iéahú a bhogha le lán a nirt agus d'aimsigh Iórám idir an dá shlinneán; chuaigh an tsaighead trí chroí an rí, agus thit sé ar lár ina charbad.

25. Dúirt Iéahú le Bidcear a chaptaen: “Tóg é agus caith isteach i ngort Nábót an tIzréileach é. Cuimhnigh nuair a bhí tú féin agus mise ag marcaíocht le chéile ar chúl Acháb, a athair, gur fhógair an Tiarna an bhreith seo air:

26. ‘Seo mo mhionn: Chonaic mé fuil Nábót agus fuil a chlann mhac inné - sé an Tiarna atá ag caint - déanfaidh mé é a chúiteamh leatsa sa ghort céanna.’ Tóg suas é mar sin agus caith isteach i ngort Nábót é de réir bhriathar an Tiarna.”

27. Nuair a chonaic Achaizíá rí Iúdá a raibh ar siúl, theith sé leis i dtreo Bhéit Hagán, ach chuaigh Iéahú ar a thóir agus dúirt: “Treascair eisean chomh maith.” [Ghoineadar é] ina charbad ag ardán Ghúr atá i gcóngar Ibleám agus theith sé go Migideo mar a bhfuair sé bás.

2 Ríthe 9