2 Ríthe 9:12-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. “Scéal thairis,” ar siad. “Téanam agus inis dúinn.” “A leithéid seo, a dúirt sé,” ar sé; “seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ ”

13. Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”

14. Rinne Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí comhcheilg in aghaidh Iórám. (Bhí Iórám agus Iosrael go léir um an dtaca sin ag cosaint Rámot Gileád in aghaidh Hazáéil rí Arám;

15. ach bhí Iórám tar éis filleadh go hIzréil le leigheas a fháil ar na créachtaí a thug na hArámaigh air nuair a bhí sé ag troid le Hazáéil rí Arám.) “Más mar sin a bhraitheann sibh,” arsa Iéahú, “ná héalaíodh aon duine ón gcathair leis an scéal a bhreith go hIzréil.”

16. Ansin chuaigh Iéahú isteach ina charbad agus d'imigh go hIzréil mar a raibh Iórám ina luí; bhí Achaizíá rí Iúdá tagtha anuas ar thuairisc Iórám.

17. An fear faire ar an túr in Izréil, chonaic sé díorma Iéahú chuige agus dúirt: “Feicim díorma fear,” ar sé. Thug Iórám ordú: “Cuir eachlach ina gcoinne agus fiafraíodh sé díobh: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ”

18. Chuaigh eachlach i gcoinne Iéahú dá bhrí sin agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.” Agus thug an fear faire scéala: “Shroich an teachtaire iad ach níl sé ag filleadh ar ais.”

19. Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngno?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.”

20. Agus thug an fear faire scéala arís: “Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.”

21. “Gabhaigí mo charbad,” arsa Iórám, agus gabhadh a charbad dó. Ansin chuaigh Iórám rí Iosrael agus Achaizíá rí Iúdá amach i gcoinne Iéahú, gach duine díobh ina charbad. Bhuaileadar leis i ngort Nábót an tIzréileach.

22. Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”

23. Ansin d'iompaigh Iórám timpeall agus theith sé á rá: “Feall, a Achaizíá!”

2 Ríthe 9