2 Ríthe 8:7-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.”

8. Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.”

9. D'imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas - ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ”

10. D'fhreagair Eilíseá: “Téigh agus abair leis: ‘Tearnóidh tú cinnte,’ ach d'fhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.”

11. Ansin d'éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé.

12. “Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”

13. “Ach,” arsa Hazáéil, “cad é do shearbhónta? Níl ann ach madra le haon ní mór mar sin a dhéanamh.” “I bhfís ón Tiarna,” arsa Eilíseá, “chonaic mé thú i do rí ar Arám.”

14. D'fhág sé slán ag Eilíseá agus d'fhill ar a mháistir, agus d'fhiafraigh seisean de: “Cad dúirt Eilíseá?” D'fhreagair sé: “D'inis sé dom go ndéanfá téarnamh cinnte.”

15. Lá arna mhárach fuair sé blaincéad agus thum in uisce é agus leath ar a cheann é agus fuair sé bás ar an gcuma sin agus tháinig Hazáéil i gcoróin ina áit.

16. Sa chúigiú bliain de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael, tháinig Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá i gcoróin.

17. Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé ocht mbliana ina rí in Iarúsailéim.

18. Lean sé sampla ríthe Iosrael, mar a rinne teaghlach Acháb, mar ba iníon le hAcháb a bhí aige mar bhean. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

2 Ríthe 8