2 Ríthe 8:4-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Bhí an rí ag caint le Géichizí, searbhónta an ghiolla Dé, á rá: “Inis dom na héachtaí go léir a rinne Eilíseá.”

5. Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d'ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. “A thiarna mo rí,” arsa Eilíseá, “sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d'ardaigh Eilíseá ó mhairbh.”

6. Cheistigh an rí an bhean agus d'inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d'fhág sí an tír go dtí anois.”

7. Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.”

8. Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.”

9. D'imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas - ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ”

10. D'fhreagair Eilíseá: “Téigh agus abair leis: ‘Tearnóidh tú cinnte,’ ach d'fhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.”

11. Ansin d'éirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé.

12. “Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”

13. “Ach,” arsa Hazáéil, “cad é do shearbhónta? Níl ann ach madra le haon ní mór mar sin a dhéanamh.” “I bhfís ón Tiarna,” arsa Eilíseá, “chonaic mé thú i do rí ar Arám.”

14. D'fhág sé slán ag Eilíseá agus d'fhill ar a mháistir, agus d'fhiafraigh seisean de: “Cad dúirt Eilíseá?” D'fhreagair sé: “D'inis sé dom go ndéanfá téarnamh cinnte.”

15. Lá arna mhárach fuair sé blaincéad agus thum in uisce é agus leath ar a cheann é agus fuair sé bás ar an gcuma sin agus tháinig Hazáéil i gcoróin ina áit.

16. Sa chúigiú bliain de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael, tháinig Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá i gcoróin.

17. Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé ocht mbliana ina rí in Iarúsailéim.

18. Lean sé sampla ríthe Iosrael, mar a rinne teaghlach Acháb, mar ba iníon le hAcháb a bhí aige mar bhean. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

19. Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].

20. Lena linn rinne Eadóm ceannairc ó cheannas Iúdá, agus cheapadar rí dá gcuid féin.

21. Ansin ghabh Iahórám anonn go Záír lena charbaid go léir. D'éirigh sé san oíche, agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach a bhí ina thimpeall, ach theith a arm abhaile.

22. Tá cuing Iúdá caite díobh ag Eadóm ar an gcuma sin go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc an t‑am sin chomh maith.

23. An chuid eile de stair Iahórám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?

24. Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí.

2 Ríthe 8